Skip to main content
Loading Events

« All Events

An Nollaig sa Naigín

Thursday 19th December, 2024 - 19:00

Free
Book Now

Ar Lá Nollag cúig bhliain as a chéile a shuitear an leagan seo do DHAOINE FÁSTA (ADULTS) den saothar cáiliúil An Nollaig sa Naigín (‘Christmas in The Noggin’). Is cur i láthair íogair séasúrach é ar dhraíocht ghártha na hócáide, atá curtha in oiriúint don duine fásta (specially adapted for an adult audience), agus is trí’n bhfocal labhartha, trí’n amhránaíocht agus trí’n gceol a chuirtear é os comhair lucht féachana fásta.

Trí shúile an pháiste sna blianta fáis idir 6-10 bliain a chuirtear an léiriúchán seo i láthair. Léirítear an tsoineantacht agus an fás intinne a tharlaíonn sna blianta sin, uair a mbíonn an páiste neamhamhrasach ag déanamh iontais de tharlúintí an tsaoil agus den ócáid dhraíochtúil ghliondrach a thagann an treo bliain i ndiaidh bliana. Tá San Nioclás ann, ar ndóigh, mar atá an sneachta, agus in éindí leis an ngliondar agus an taitneamh a ghabhann leis an dá ghné sin den Nollaig, tá an tsollúntacht ann, chomh maith – an tsollúnacht úd ar saintréith é den tráth sin bliana.

Ach anuas air sin, tá an borradh ceistiúcháin úd a bhíonn ar gor san intinn óg le sonrú ar an gcarachtar láir, agus feictear an buachaill óg ag iarraidh ciall a dhéanamh de chúrsaí an tsaoil agus, ach go háirithe, de chomhráití na ndaoine fásta atá ina thimpeall – tarlúintí agus comhráití a thugann a dhúshlán agus a éilíonn mórchuid ar a leibhéal tuisceana. Anuas ar bhunsraith an ghrá chlainne agus an ghrá dhomhanda, an daonnacht agus soineantacht na hóige, sníomhtar eilimintí na cailliúna, na héagothromaíochta agus na héagóra trí’n insint, rud a thugann an duine fásta ar aistear séasúrach a ghriogann an meon ar leibhéil éagsúla.

Léann Ré Ó Laighléis go híogair oilte as a shaotharsa agus déantar tionlacan aoibhinn ar an léamh sin ag amhránaíocht bhinnbhriathardha agus ceol a chuid compháirtithe, Pádraig Cleary agus Shearie Fean.

Ceiliúradh agus corraíl shéasúrach don uile dhuine idir 8 agus 80 bliain d’aois. Hó-hó-hó!

Arna mhaoiniú ag Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara

*****

Set on Christmas Day in five successive years and built around the seminal work that is ‘An Nollaig sa Naigín’ (‘Christmas in The Noggin’), this stage presentation is a sensitive, adult-oriented, seasonal celebration of Christmas childhood, conveyed through spoken word, song and music.

Seen through the eyes of the growing child, as he ages from six-to-ten, the innocence of the developing mind permeates the work, as the unsuspecting youngster observes the wondrous happenings of that magical day that looms invitingly towards the end of every year. Yes, there is Santa, yes, there is snowfall, and yes, there are the joy, solemnity and merriment that are defining features of that special day.

But there, too, is a growing questioning in the young mind, as the central childhood-character is laid open to the conversations and happenings of the adult world around him – conversations and happenings that leave him wondering what all of that is about. An underpinning amalgam of familial and universal love, humanity and a childhood innocence of mind is interwoven with the elements of loss, inequality and injustice, thus taking the adult on a seasonal and thought-provoking journey.

Ré Ó Laighléis’ sensitive reading from his own work is beautifully complemented by the magical singing and playing of his co-performers, Pádraig Cleary and Shearie Fean.

Funded by Kildare County Council Library Service

Details

Date:
Thursday 19th December, 2024
Time:
19:00
Cost:
Free
Event Category:
Website:
https://riverbank.ticketsolve.com/shows/873649599/events

Organiser

Riverbank Arts Centre Auditorium
Phone
+35345448327
Email
boxoffice@riverbank.ie
View Organiser Website

Venue

Riverbank Arts Centre
Main Street
Newbridge, Ireland
+ Google Map
Phone
045 448327
View Venue Website